Gealán trí Ghaeilge

Táim lonnaithe ar an Spidéal i gceanntar gaeltachta Chonamara, agus is cúis áthais dom go bhfuil mé in ann seirbhísí sláine agus folláine a sholáthar trí Ghaeilge. Ó am go chéile, beidh ranganna faoi leith á chur ar fáil agam trí Ghaeilge go sainiúil, ach cuirim fáilte i gcónaí roimh aon duine ar mian leo an Ghaeilge a úsáid liom. Fáilteofar freisin roimh iarratais le ranganna a reachtail trí Ghaeilge do ghrúpa faoi leith.

I am based in the Gaeltacht and I'm delighted to offer classes, courses and healing through Irish. I am happy to arrange bespoke Irish medium classes for groups. I welcome all Irish speakers, from the cúpla focal, to the fluent!


Is fearr an sláinte ná an táinte.



Ceardlainn Deartha go speisialta do bhur ngrúpa

Má tá spéis ag do ghrúpa ceardlann faoi leith a eagrú, is féidir labhairt liom faoi na riachtanaisí atá agaibh. 

If you are involved with a group and you would like to organise a group activity ' as gaeilge'  why not get in touch to talk about a wellness workshop? All levels of fluency catered for. Learn Irish in a fun, healthy way!



 
Cóitseáil Folláine
Ióga
Machnamh

Féin-Aire;
An Fáinne Folláine

Is uirlis meastóireachta í an Fáinne Folláine ar feidir a úsáid leis an bhfolláine agus féin-fheabhas a fhorbairt. Déanaim cursaí agus ceardlainn leis an bhfáinne a mhíniu agus a iniúchadh. Déan teagmhail le tuilleadh eolais a fháil. 

"Ba mhór an pléisiúr é freastal ar an gceardlann. Léargas sothuigthe, praicticiúl, dearfach, sodhéanta a bhí ann, a thug an- ardú meanman dom.Tá bua ar leith agat Bairbre, agus bhí tú chomh álainn, flaithiúil agus tú ag roinnt linn.Táim go mór faoi do chomaoin agus ar bís na teachtaireachtaí a roinnt le mo chomhghleacaithe, mo chairde agus mo mhuintir. Mo bhuíochas ó Chroí."

N. ní Ghráda